Taisce Bheo na nGael/Stòras Beò nan Gàidheal
Tionscadal píolótach a dhíríonn ar shamplaí cuí eiseamláireacha den chaoi a labhraítear an Ghaeilge agus a’ Ghàidhlig i bpobail Ghaelacha in Albain agus in Éirinn atá sa Taisce Ghaelach. Baintear leas as uirlisí soláimhsithe cláraithe agus teicnící furasta chun an t-ábhar a chruinniú.

Is é aidhm an tionscadail seo próiseas a bhunú chun ábhar luachmhar cultúrtha a bhailiú ar bhealaà a mbeidh pobail éagsúla Ghaelacha páirteach ina thaifeadhadh. Meastar go saibhreoidh an comhoibriú leanúnach idir pobail agus lucht acadúil, agus idir Albain agus Éirinn, acmhainnà cultúrtha na dteangacha Gaelacha. Cuirfidh an t-ábhar seo agus an comhoibriú a bhaineann lena thaifeadadh le hiarrachtaà na pleanála teanga i measc na bpobal a chruthaÃonn na samplaà luachmhara den chaint nádúrtha. Beidh an chomhpháirtÃocht seo le pobail chomhairseartha, agus cleachtadh na teicneolaÃochta nua oiriúnach chun ábhar a thaifeadadh, ina dtreoir agus ina n-acmhainnà amach anseo ina measc siúd a chuireann spéis san oidhreacht Ghaelach. Tá riachtanas ar leith leis na cleachtais teicniúla an tionscadail seo de bharr na tábhachta a bhaineann leis an ábhar cláraithe seo a chaomhnú do na glúinte atá ag teacht.
Tá fáil ar shamplaà na hAlban agus na hEireann cheana féin. Is féidir leat teacht orthu ar Clilstore trà na naisc thÃos. I ngach mÃr Clilstore gheofar fÃseán iomlán ar lÃne (ar YouTube), mar aon le trascrÃbhinn focal-nasctha, agus tuairisc achomair (faoi “Unit Infoâ€).